![]() |
IARTHAR
DUIBHNEACH
|
IARTHAR DUIBHNEACH
Dúthaigh fíorálainn is ea Corca Dhuibhne, go háirithe an
chuid sin den leithinis a shíneann siar ó Bhaile an Daingin. Ní áilleacht go
Fionntrá agus Ceann Sléibhe. Ní iarrfadh aon duine áit níos deise ná Dún Chaoin.
Agus tá fairsinge agus aoibhneas sa radharc ó Bhóthar an Chlasaigh idir Fionntrá
agus Dún Chaoin.
Tá tránna lámh le Baile an Fheirtéaraigh agus tá cáil ar an mBéal Bán agus ar an Muiríoch. Tá radharcra thar barr ar an mbóthar ón Mhuiríoch go dtí Baile na nGall. Agus cá bhfágfá Cuas Bréanainn agus Paróiste Múrach?
Ach ní radharcra amháin atá anseo. Tá ársaíocht anseo. Dúthaigh ar leith í seo. Bhí feirmeoireacht ar bun anseo sé mhíle bliain ó shin - a bhuíochas sin don aoráid.
Ciallaíonn feirmeoireacht buaine. Ciallaíonn sí saol sóisialta. Ciallaíonn sí sibhialtacht agus síocháin. Ciallaíonn sí caidreamh idir dhaoine. Cothaíonn an bhuaine agus an tsíocháin forbairt agus tógáil, litríocht agus léann, creideamh agus uaisleacht. Agus tá na nithe sin ar fad stair, i saíocht, i sainiúlacht agus i saol na dúichí seo againne.
Tá os cionn dhá mhíle iarsma seandálaíochta ón ré réamhstaire agus ré na luathChríostaíochta araon agus ó na meánaoiseanna le fáil ar an leithinis seo.
Bhí Cú Chulainn anseo. Throid Fionn agus a ghaiscígh Cath Fionntrá anseo. Bhí Diarmuid Ó Duibhne anseo. Bhí laochra an bhéaloidis anseo. Maireann a n-ainmneacha sna logainmneacha. T a rian ar aghaidh na talún agus i bhfealsúnacht na ndaoine.
Bhí lucht litríochta anseo. Anseo a mhair Piaras Feiritéar, file agus laoch. Thug Aogán Ó Rathaile féin aghaidh ar an áit. Agus dob é seo baile anama Sheáin Uí Ríordáin mórfhile ár linne féin.
Mheall draíocht na háite muintir Spring-Rice anseo gur ghlac siad a dteideal ó Shliabh an Iolair. Duine díobh seo ab ea Mary Spring-Rice, comhbhádóir Erskine Childers san Asgard. Agus is ar an mBlascaod a bhí Eibhlín Nic Niocail, an bhean a luaitear leis an bPiarsach, nuair a scion tonn an bháis chun siúil í féin agus Ó Criomhthain óg.
Agus ag trácht dúinn ar an mBlascaod táimid ag tagairt don athbheochan náisiúnta meanman a thárla i dtús an chéid seo caite agus go bhfuil a bheag nó a mhór dá rian orainn inniu féin. Cuimhnímid ar Thomás Ó Criomhthain féin, ar Pheig Sayers, Ar Mhuiris Ó Súilleabháin agus ar dhaoine iontacha eile a ghluais ó litríocht bhéil an bhéaloidis go dtí litríocht phinn na scríbhneoireachta go healaíonta cumasach. Thug na scríbhneoirí seo buaine dóibh féin agus don saol a mhaireadar agus do shaol na muintire chomh maith. Ba chrann taca do ghluaiseacht na Gaeilge gach aon duine díobh.
Tháinig turasóirí anseo ar thóir an léinn dúchais agus ar thóir na háilleachta. Tháinig mórscoláirí ó chian is ó chóngar- Sjoestedt, Wagner ……………….. Tháinig na péintéirí - Seán Céitinn, Seán Ó Súilleabháin ………….. Tháinig na scríbhneoirí, scríbhneoirí idir dhá chultúr ina measc - Behan, Synge, ………… Agus ar deireadh thiar, más deireadh é, lucht déanta scannán - "Ryan's Daughter", "Far and Away".
Chuaigh pobal na dúichí seo i ngleic leis an saol agus rug bua leo ó aois go haois. Tháinig na hallúraigh agus dhein an pobal seo a gcuid féin den méid díobh a d'fhan. Tháinig na Normanaigh agus deineadh Gaeil dá sliocht. Tháinig muintir Chromail agus múnlaíodh iad. Aon chine amháin is ea sinn ar fad inniu. Aon tsinsearacht agus aon oidhreacht amháin atá againn ar fad.
Tháinig tiarnaí talún agus d'imigh siad. Tháinig gorta agus tháinig raidhse. Ach mhair pobal Dhuibhne tríd ar fad. Dhein teanga agus cultúr na dúichí an strainséar a thabhairt chun tíreachais. Agus tá an teanga agus an cultúr céanna sin faoi ghradam agus faoi mheas agus faoi réim inár measc i gcónaí.
Táimid bródúil as ár n-oidhreacht. Is mór linn na clocháin agus na haragail agus na mainistreacha. Cuirtear fáilte roimh éirí na gréine go tráthúil ar Bhréanainn. Déantar aifreann a cheiliúradh i nGallaras agus i gCill Mhaoilchéadair. Siúltar Cosán na Naomh. Ach tá an nuashaol faoi bhláth anseo. Tá nua-áiseanna na linne ó fón póca go dtí idirlíon, ó ghluaisteán go dtí téamh lárnach, ó innealra ar tír go dtí scothárthaigh ar muir anseo.
Agus nuair a ghabh daoine anseo leis an turasóireacht saoire mar cheard chuireadar chuige le lánchroí agus le dúthracht. De thoradh a n-iarrachtaí tá iliomad áiseanna agus seirbhísí ar fáil do na turasóirí a thagann sa treo. Tá "Slí Chorca Dhuibhne" ar na rianta siúil is fearr agus is cáiliúla in Éirinn agus is ann do shiúlóidí eile chomh maith. Má iarsmaí agus músaeim agus taispeántais oidhreachta ar fud na háite. Tá capaill mharcaíochta ar fáil ar cíos. Tá seirbhísí farrantóireachta ag freastal ar an mBlascaod Mór. Tá iascach agus spóirt fharraige ar na tránna. Eagraítear turasanna ar na láithreacha seandálaíochta. Tá lóistín den chaighdeán is airde agus bialanna den scoth soir siar ar fud na dúichí. Ach, thar gach aon rud eile, tá fáilte agus féile chroí Chorca Dhuibhne i ngach aon áit.
Is mó duine a tháinig anseo agus é idir dhá chomhairle maidir le teacht in aon chor. Is mó duine díobh sin a tháinig le cúpla lá a chaitheamh anseo a chaith an chuid eile dá shaol anseo. Is mó duine a thagann arís agus arís eile. NÁ BÍ-SE FAD NA FÁILTE AMUIGH!